Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara an Chéad Ghrúpa Daltaí ar bronnadh Fáinní Gaeilge orthu
18 Bealtaine 2026: Bhí lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara Fáinní Gaeilge a bhronnadh ar dhaltaí rang a sé i Scoil Náisiúnta Cheárach, le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge, mar chuid de Scéim na bhFáinní 2026.
Ba iad na daltaí seo an chéad ghrúpa a ghnóthaigh Fáinní faoin scéim seo a bhfuil sé mar aidhm aici úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc daltaí i rang a sé. Chun Fáinne a bhaint amach, ní mór do dhaltaí tionscadal a chur i gcrích trí Ghaeilge, agus ina dhiaidh sin bronntar a gcuid Fáinne Gaeilge orthu agus faigheann a scoil Teastas Scéim na bhFáinní. Pionna is ea an Fáinne Gaeilge, a d'fhorbair Conradh na Gaeilge beagnach 100 bliain ó shin, agus a léiríonn nasc leis an nGaeilge. Nuair a chaitear an Fáinne, léiríonn daoine go gníomhach gur mhaith leo labhairt as Gaeilge.
Agus na Fáinní Gaeilge á mbronnadh ar na ndaltaí i Scoil Náisiúnta Cheárach, dúirt an Comhairleoir Noel Connolly agus Cathaoirleach Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara: “Bímse ag déanamh imní faoinár dteanga ach, agus mé ar cuairt anseo i Scoil Náisiúnta Cheárach inniu, agus ag bualadh libh go léir agus ag féachaint dom ar bhur dtionscadail iontacha ar Logainmneacha, Méimeanna, Seanfhocail agus Aistí, mothaím dóchas maidir le todhchaí na Gaeilge...go bhfuil ár dteanga slán sábháilte, go bhfuil an Ghaeilge beo agus slán, agus go mbeidh sí mar chuid dár dtodhchaí. Dá bhféadfainn beagán comhairle a chur oraibh maidir leis an nGaeilge, is dócha gurb í seo í: Bainigí úsáid as ‘Cúpla Focal Gaeilge’ gach lá mar ní bhaineann ár dteanga le Seachtain na Gaeilge amháin. Comhghairdeas libh go léir. Tá obair na gcapall déanta agaibh agus tá an-áthas orm na Fáinní Gaeilge seo a bhronnadh oraibh.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scéim na bhFáinní agus conas mar is féidir le bunscoileanna ar fud an chontae páirt a ghlacadh sa scéim, tabhair cuairt ar:
Suíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara ag https://kildarecoco.ie/ga/
Nó eile, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara ar 045 980941 nó trí ríomhphost chuig teangbheo@kildarecoco.ie nó ogilo@kildarecoco.ie










