Ceapann Comhairle Contae Chill Dara Cathaoirleach nua agus Leas-Chathaoirleach nua
Cheap comhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara an Comhairleoir Tim Durkan agus an Comhairleoir Tracey O’Dwyer inniu mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Chontae Chill Dara faoi seach, ag cruinniú bliantúil na Comhairle Contae a bhí ar siúl i Seomra na Comhairle, Áras Chill Dara.
Tiocfaidh na comhairleoirí ceaptha nua i gcomharbacht ar an gCathaoirleach agus ar an Leas-Chathaoirleach, an Comhairleoir Carmel Kelly agus an Comhairleoir Veralouise Behan, atá ag dul as an oifig tar éis a dtéarma siúd.
Bronnadh an slabhra oifige ar an gComhairleoir Tim Durkan agus ar an gComhairleoir Tracey O’Dwyer ag cruinniú an lae inniu agus is iad a bheidh mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar feadh bliana, le héifeacht díreach tar éis chruinniú an lae inniu.
Ceapfar Cathaoirligh, Leas-Chathaoirligh, Méaraí agus Leas-Mhéaraí nua do na cúig Choiste Ceantair Bhardasaigh i gCill Dara ag gach ceann de chruinnithe an Cheantair Bhardasaigh faoi seach i mí Iúil.











