Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara Féile Léitheoirí Chill Dara 2026
Le teann áthais a fhógraíonn Comhairle Contae Chill Dara go mbeidh Féile Léitheoirí Chill Dara ar siúl arís i mbliana, ón Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair 2026. Déantar ceiliúradh beo beathach ar leabhair agus ar smaointe ag an bhféile saor in aisce seo a reáchtálfar i láithreacha éagsúla i gContae Chill Dara. Trí mheán na féile, tugtar léitheoirí agus scríbhneoirí le chéile, déantar comhráite spreagúla agus braitear eispéiris nach ndéanfar dearmad orthu go deo.
Áirítear ar chlár na féile taispeáint an chláir faisnéise i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann, A Quiet Love; An exploration of Landscapes, Recollection and Transformation, mar aon le Miriam Mulcahy i mbun comhrá le Lesley Bond, Ten Books You Should Read le Louise Nealon agus Katriona O’Sullivan, agus ár bpainéal ‘Údair Céadligean’ ar a mbeidh Jennifer Bray, Djamel White, Edie May Hand agus Patrick Freyne.
Dóibh siúd ar breá leo cúrsaí bia, beidh siad in ann tairbhe a bhaint as Food, Family and Tradition, a Conversation in Cooking le Orla Drumgoole, Eva Pau agus Graham Herterich. Beidh lucht leanta ficsin ábalta dul chuig Behind the Bestsellers i dteannta Sheila O’Flanagan, Carmel Harrington agus Faith Hogan, agus ag The Perfect Crime, tabharfar John Banville, Edel Coffey, Patricia Gibney agus Fiona Sherlock i gcomhluadar a chéile.
Déanfar an Ghaeilge a cheiliúradh ag an An Tolg Liteartha arís i mbliana mar a gcuirfidh an craoltóir Tristan Rosenstock buaiteoirí Ghradam Foilsitheoireachta an Oireachtais 2026 faoi agallamh.
Beidh neart imeachtaí ar fáil do theaghlaigh agus don lucht féachana óg freisin, lena n-áirítear ceardlann do pháistí, Puffin Rock, agus taispeáint an scannáin, chomh maith le ceardlann Faerie Isle le Síne Quinn agus ceardlann ‘Cruthú Coimic do Dhéagóirí’ (Teen Comic Book Creation) faoi stiúir Aoife Dooley.
Tá ríméad orainn go mbeidh Ernie’s@ Shackleton Experience linn ag imeachtaí Fhéile Léitheoirí Chill Dara in Amharclann Bhruach na hAbhann. Beidh cuairteoirí in ann taitneamh a bhaint as bianna traidisiúnta na hÉireann a bhfuil ruainne den nua-aimsearthacht ag baint leo agus a bhfuil comhábhair a d’fhás go háitiúil iontu.
Tá clár iomlán na n-imeachtaí, eolas faoi áirithintí agus faoi láithreacha rannpháirteacha ar fáil ar https://kildarecoco.ie/library/kildarereadersfestival/
Tá gach imeacht saor in aisce ach moltar áirithint a dhéanamh roimh ré. Gearrfar táille áirithinte EUR 1.50 in aghaidh an ticéid más ar líne a dhéantar áirithint le haghaidh imeacht in Ionad Ealaíon Bhruach na hAbhann, ach ní ghearrfar an táille sin más in Oifig na dTicéad nó ar an bhfón a dhéantar an áirithint.
Bí páirteach sa Chomhrá:
Instagram — @kildarereadersfestival
Facebook —/KildareReadersFestival
Bluesky - @kildarereaders.bsky.social
#FéileLéitheoiríChillDara #FLCD2026











