Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint
08 Bealtaine 2025: Ní mór d’údaráis áitiúla na láithreacha oifigiúla snámha ina limistéar a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir le sábháilteacht, cáilíocht uisce agus leibhéal úsáidte an láthair. Níl aon láthair snámha sainaithenata i gContae Chill Dara faoi láthair. Tá Comhairle Contae Chill Dara ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh i lochanna nó aibhneacha a chur in iúl má cheapann siad gur cheart ainmniúchán oifigiúil nua a thabhairt do láthair a úsáidtear chun críocha snámha go minic, ach nach bhfuil aitheanta mar láthair snámha.
Faoi dhlí na hEorpa agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh. Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hamháin go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil cur síos sna próifílí sin ar an láthair snámha, ach déanfaidh sí cur síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinsí truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.
Más mian leat láthair nua snámha a mholadh, iarrtar ort smaoineamh ar na critéir seo a leanas sula gcuirtear aighneacht isteach:
- Cé chomh hinrochtana is atá an láthair?
- An mbaineann aon saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta leis an láthair?
- Cén chuma atá ar an gcaighdeán uisce?
- An bhfuil áiseanna páirceála ag an suíomh?
- An bhfuil áiseanna leithris agus gléasta ag an láthair nó gar don láthair?
- An bhfuil an láthair atá á mholadh ar thalamh phríobháideach?
Más mian leat láthair nua snámha a mholadh, déan teagmháil le smerrins@kildarecoco.ie
Is é 26/9/2025 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Contae Chill Dara.