Fógra rúin chun Fodhlíthe a dhéanamh
Fodhlíthe Corr-Thrádála, 2025,
Ceantar Bardasach Bhaile Átha Í
Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Dara fodhlíthe a dhéanamh faoin Acht Corr-Thrádála, 1995, chun limistéir chorr-trádála a ainmniú ag na suíomhanna a leagtar amach thíos:
Limistéir Ainmnithe |
|
Cearnóg Emily, Baile Átha Í |
Dé Máirt 07:00a.m. - 14:30p.m. |
Cearnóg Emily, Baile Átha Í |
Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Luan Saoire Bainc 08:00a.m - 17:00p.m. |
Cé na Bearú, Baile Átha Í |
Dé Máirt 07:00a.m. - 14:30p.m. |
Cearnóg Éamonn Rís,Baile Átha Í |
Dé Sathairn 09:00a.m.- 15:00p.m. |
Féadtar cóip de na dréacht-Fhodhlíthe Corr-Thrádála, 2025 - Ceantar Bardasach Bhaile Átha Í a fheiceáil nó a scrúdú le linn na tréimhse ón Luan, an 28 Iúil go dtí an Mháirt, an 9 Meán Fómhair (agus an dá dháta sin san áireamh) ag na suíomhanna seo a leanas le linn gnáthuaireanta gnó:
- Ar líne anseo https://consult.kildarecoco.ie
- Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha (Leibhéal 1), Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara
- Leabharlanna áitiúla i mBaile Átha Í, Béal Átha an Tuair agus i nDíseart Diarmada.
Féadtar cóip de na dréacht-fhodhlíthe a cheannach ó Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha ar tháille €5 nó iad a fheiceáil ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie
Féadtar aighneachtaí nó barúlacha a chur isteach maidir leis na fodhlíthe beartaithe:
- Ar líne anseo https://consult.kildarecoco.ie nó
- i scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha ag an seoladh thíos.
Cuir d’aighneacht isteach trí aon mheán amháin i.e., ar líne nó trí chóip chrua.
Ní ghlacfar le haighneachtaí trí ríomhphost ná facs.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí/barúlacha 5.00p.m., Dé Máirt, an 9 Meán Fómhair. Breithneofar aon aighneacht a fhaightear roimh an dáta deiridh agus na fodhlíthe á ndéanamh.
Tá mionsonraí faoi chearta chun príobháideachta i ndáil leis an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil ag https://kildarecoco.ie/Business/CasualTrading/