Foilsíonn Comhairle Contae Chill Dara Plean Forbartha Leabharlainne Uaillmhianach: “Ag Tógáil don Todhchaí”
13 Meitheamh 2025: Is le teann bróid a fhógraíonn Comhairle Contae Chill Dara seoladh oifigiúil ‘Ag Tógáil don Todhchaí – Seirbhís Leabharlainne Chill Dara 2025-2029’, treochlár físiúil maidir le todhchaí na seirbhísí leabharlainne sa chontae. Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Kevin Duffy, a sheolfaidh an plean in éineacht leis an Leabharlannaí Contae Gillian Allen, ag Leabharlann agus Ionad Cultúrtha úrscothach an Náis.
Sa phlean cúig bliana seo, leagtar amach clár oibre claochlaitheach do leabharlanna Chill Dara, leabharlanna a fheidhmíonn mar mhoil phobail chuimsitheacha, nuálacha agus inbhuanaithe. Forbraíodh an plean le comhairliúchán poiblí fairsing agus de réir threoir straitéisí náisiúnta amhail ‘Is í an Leabharlann an Áit (2023)’, agus léiríonn an plean riachtanais athraitheacha dhaonra Chill Dara atá ag fás agus a chuimsíonn éagsúlacht.
Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Kevin Duffy; “Ní hamháin gur áiteanna iad leabharlanna poiblí Chill Dara ar féidir leabhair a fháil ar iasacht iontu; is moil phobail bhríomhara iad a chothaíonn foghlaim, cruthaitheacht agus ceangal. Is straitéis uaillmhianach réamhbhreathnaitheach í ‘Ag Tógáil don Todhchaí’ trína bhféachtar le feabhas a chur ar rochtain, infheictheacht agus caighdeán na leabharlann poiblí ar seirbhísí riachtanacha pobail iad.” (Aistrithe go Gaeilge)
Sa phlean, leagtar amach seacht bpríomhréimse forbartha, lena n-áirítear:
- Ábhar a Bheochantrí thionscnaimh léitheoireachta agus trí bhailiúcháin chuimsitheacha
- Freastal arphobail nua agus guthanna an aosa óig a chloisteáil
- Scéalta agus Comhfhorbairt Áite chunoidhreacht agus cultúr a cheiliúradh
- An Domhan Fíorúil / An Domhan Digiteachchun ríomhsheirbhísí leabharlainne agus spásanna glasa a fheabhsú
- An Fhoireann a Chumasútrí fhorbairt ghairmiúil
- Forbairtí Caipitillena n-áirítear leabharlanna nua i gClaonadh agus i nDroichead Nua
- Ár bPláinéad a Chothúle dearadh agus clársceidealú atá comhfhiosach ó thaobh na haeráide de
Chuir Gillian Allen, Leabharlannaí an Chontae, béim ar nádúr an phlean phobaldírithe; “Trí mheán na smaointeoireachta dearaidh agus trí mheán comhairliúchán domhain, d’éisteamar lenár bpobail — go háirithe leo siúd nár shroicheamar roimhe seo. Féachann an plean seo le cinntiú gur áiteanna iad na leabharlanna ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil meas orthu agus go mbeidh siad spreagtha. Idir fhoirgnimh nua agus an nuálaíocht dhigiteach agus an inbhuanaitheacht dhigiteach, táimid dírithe ar thodhchaí níos gile a chothú do Chill Dara.” (Aistrithe go Gaeilge)
Sa phlean, déantar ceiliúradh freisin ar ar baineadh amach le déanaí, lena n-áirítear oscailt Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis in 2024, ionad a bhfuil gradaim bainte aici, agus rianaítear tionscadail a dtabharfar fúthu amach anseo mar athfhorbairt Leabharlann Chill Droichid agus leabharlann nua shoghluaiste cumhachtaithe le fuinneamh inbhuanaithe.
Shonraigh Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara; “Is léiriú é an plean seo ar chumhacht na héisteachta agus an chomhoibrithe. Leis seo, léirítear ár dtiomantas le pobail chuimsitheacha, chumhachtaithe agus inbhuanaithe a fhorbairt trí mheán ár leabharlann.” (Aistrithe go Gaeilge)